About Us (Eolas Fúinn)

Splódar is the resident drama company in the Glens Centre, Manorhamilton, Co. Leitrim. The company was established when the centre opened in 1995. Our principal objective is the production of high quailty drama in Irish and English. Under the name ‘The Glens Players’ (Aisteoirí na nGleannta) plays by writers such as Brian Friel, Frank McGuinness, Tom Murphy, Thornton Wilder, Jean Anouilh, John B Keane, Vincent Woods, Cathal O Searcaigh and Garrison Keillor have been staged by the company. The company was given the name Splódar in 2007 to emphasise the Irish policy of the group. Irish language productions to date include Damhsa ag Lughnasa, Sadhbh, Antigone, Salome, Stiofan Og,Ulysses, Ag Clai na Muice Duibhe and Leannáin (Buaiteoirí) as well as a re-working of Glantacháin Earraigh by Máirtín Ó Cadhain.

Splódar Board of Directors

Prin Duignan

Luke McGinley

Sheila O Keeffe

Regina Fahey

Jonas Dellow

For bookings and further details on our shows please contact the Glens Centre, Manorhamilton on 071 9855833 or by e-mail at drumlinp@gmail.com

Ionad na nGleannta

I dtús nóchaidí an chéid seo caite, cheannaigh coiste áitúil, arb é a gcuspóir na healaíona a chur chun cinn san iarthuaisceart, an seanshéipéal Modhach i gCluainín Uí Ruairc. Bhí andhrochchaoi ar an séipéal ag an am sin agus athchóiríodh é le cabhair airgid ón I.F.I. (International Fund for Ireland). Tugadh Ionad na nGleannta mar ainm ar an ionad nua ealaíne seo ar an ábhar go raibh sé lonnaithe i gceartlár ghleannta Liatroma Thuaidh. B’í Mary Robinson a d’oscail an t-ionad go hoifigiúil i mí Iúil 1995.
Reachtáiltear anchuid imeachtaí san ionad mar atá drámaí, ceardlanna ceoil, scríbhneoireachta, drámaíochta agus léamhanna filíochta.
Tá sé mar pholasaí ag coiste an ionaid imeachtaí i n a chur ar fail go rialta. Ar na scríbhneoirí a léigh óna gcuid saothar thar na blianta bhi Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill. Chomh maith leo sin bíonn na grúpaí Fibín agus Kila ar stáitse go rialta. Agus ar ndóigh stáitsíonn Splódar drámaí i n freisin.

Splódar ……

Is é Splódar an compántas drámaíochta cónaithe in Ionad na nGleannta, Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma. Cuireadh ar bun é nuair a hosclaíodh an t-ionad i 1995 . ‘Sé a phríomhchuspóir ná drámaí Ghaeilge agus Béarla d’ardchaighdeán a léiriú. Faoin ainm Aisteoirí na nGleannta (The Glens Players) léiríodh drámaí le Brian Friel, Frank McGuinness, Tom Murphy, Thornton Wilder, Vincent Woods agus Garrison Keillor. Tugadh an t-ainm Splódar ar an gcompántas i 2007 le béim a chur ar pholasaí an ionaid i leith na . Cheana féin cuireadh Damhsa ag Lughnasa, Sadhbh, Salome, Antigone, Leannáin (Buaiteoirí), Stiofán Óg, Creideamh agus Crá Croí agus Ag Claí na Muice Duibhe ar stáitse chomh maith le hathchóiriú ar an ngearrscéal Glantachán Earraigh le Máirtín Ó Cadhain.

Stiúrthóirí Splódar

Prionnsíos Ó Duigneáin

Lúcas MacFhionnaile                                                                                                                                   

Regina Fahey                                                                                                                                                   

Sheila O’Keeffe

Jonas Dellow

 

Le haghaidh áirithintí agus eolas breise déan teagmháil le Ionad na nGleannta i gCluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma ar 071 9855833 nó le e-mail ar eolas@splodartheatre.com